Tadhg Mac Dhonnagáin Quotes

Most memorable quotes from Tadhg Mac Dhonnagáin.

Tadhg Mac Dhonnagáin Famous Quotes

Reading Tadhg Mac Dhonnagáin quotes, download and share images of famous quotes by Tadhg Mac Dhonnagáin. Righ click to see or save pictures of Tadhg Mac Dhonnagáin quotes that you can use as your wallpaper for free.

Beatha
- do Mháire Mhic Amhlaoibh,
An Fál Mór, Co. Mhaigh Eo.

- Níor airigh tú caint ar an slabhcán? -
arsa Mary Nell le hiontas,
an slabhcán a bhailíodh sí ina gearrchaile di
ar charraigreacha an Fháil Mhóir,
a thugadh sí abhaile
is a ghearradh go mion, é a bhruith ainsin le deoirín uisce.
Nuair a d'fhuaraíodh sé dhéanadh sí leac -
an blas a bhíodh air leis an ngráinne salainn!

Níor bhlais Mary Nell an slabhcán le dhá scór bliain:
- Ní bhadrálann éinne thart anseo a thuilleadh leis,
Róleitheadhach atá siad.
Ach an stuif sin a bhíonns ag fear an tsiopa
I bpotaí beaga a thigeann sé, dath pinc air -
'Yoghurt?'
- Yoghurt. Yoghurt!
M'anam go liveálfainn ar an stuif sin.
M'anam go liveálfainn air. -
Tadhg Mac Dhonnagáin Quotes: Beatha<br />- do Mháire Mhic
Tadeusz Różewicz Quotes «
» Tadio Diller Quotes